Sibyl Montague
Claí na Péiste (Worm’s Ditch)

Temple Bar Gallery + Studios, Baile Átha Cliath, IE
16 Nollaig 2022 - 19 Feabhra 2023

Is scéal é seo faoi mhuc. Scéal lán le cora agus castaí, thuas seal thíos seal, trí ghlúnta de luachanna luaineacha agus de chreidimh aistreacha mar aon le meonta síceolaíocha éagsúla.

Cnuasaíonn Claí na Péiste le Sibéal Ní Tague tagairtí siombalacha cultúrtha don mhuc i scéalaíocht béaloidis na hÉireann, sa ghnáthshaol laethúil agus san éiceolaíocht chomhaimseartha. Tá imeascadh leanúnach laethúil agus léiriú na muc ag teacht salach ar ard-dlús na feirmeoireachta muiceola ar fud na tíre, rud a tharraingíonn aird ar na bunchaidrimh dhomhain agus na coimhlintí sochaíocha a bhaineann leis an dúlra.

Úsáideann Ní Tague réimse leathan beochana traidisiúnta agus digiteacha sa suiteán scannáin seo, le léaráidí láimhe, íomhánna ríomhghinte (CGI), agus puipéadóireacht. Díríonn scéal an scannáin ar chaidrimh idirspeicis agus ar na naisc atá ag daoine le hainmhithe mar tháirgí agus mar ghaolta. Pléann Ní Tague finscéalta luath-Éireannacha a chuireann síos ar thurais fáis agus claochlaithe, agus í dár dtabhairt trí mhúnlaí de cheangail chandamach, nó poill péisteanna. Déanann na tagairtí seo do “echtrae” (eachtraí) agus do “immram” (turas farraige) chuig an saol eile de Thír na nÓg agus Magh Meall, eolas do luas aislingeach agus struchtúr an scannáin.

Aistríonn carachtair na muice agus na péiste in Claí na Piéste idir línte ama a chuireann síos ar a bpearsanú agus a n-eispéiris i ndomhan atá deartha chun iad a theorannú agus a rialú. Le chéile, cuireann siad peirspictíochtaí déacha ar spioradáltacht, dul chun cinn, meath, cruálacht agus draíocht i dtírdhreach cultúrtha na hÉireann. Déanann fócas Ní Tague ar chur chuige díchoilíneachta i leith íocónagrafaíocht agus teangeolaíocht eolas ó bhailiúcháin náisiúnta, ó phobail tuaithe agus shinsearacha, ó shuíomhanna seandálaíochta agus meigiliteacha a athailíniú.

Tagraíonn teideal an taispeántais don litríocht luath-Ghaeilge, Claí na Péiste Claí na Muice Duibhe, créfort ársa a shíneann trasna lár tíre thuaidh na hÉireann agus a shainíonn Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht. Ón bhéaloideas a fhaigheann na díoga a n-ainmneacha le tuairimí áitiúla éagsúla faoina mbunús. Maíonn cuntas amháin gur mhaistrigh torc ollmhór an clais lena thuscaí. Cuireann ceann eile na créfoirt i gcomparáid le hollphéist, nó nathair nimhe, i scéal a thaifead an Coimisiún Béaloideasa i Muineachán agus sa Chabhán sna 1930idí. Molann teoiric eile gur tógadh na créfoirt chun ruathair eallaigh thar theorainneacha na gclann eile a chosc. Tá iarsmaí den trinse fairsing fós le feiceáil i Liatroim, Longfort, Cabhán, Muineachán agus i bhFear Manach, roinnt acu ag seachaint teorainneacha os cionn talaimh agus tógálacha saorga eile.

Tá taispeántas Ní Tague suite sa suíomh seo faoi thalamh. Cothaítear naisc go horgánach ar nós mícéiliam fungasach agus líonraí fréamhacha. Léiríonn an gailearaí dorcha an timpeallacht seo agus é mar mhacalla ar roinnt de na hábhair tionscail agus coirp sa scannán. Tá cnuasach beag de bhréagáin próitéa-shaibhrithe sileacain teilgthe a d'fhorbair Ní Tague ar crochadh ag airde muice, mar shiombail de fhlaithiúlacht agus de bhoige, i gcodarsnacht le feisteas feidhmiúil na háite. Léiríonn na clúdaigh fuinneoige tréshoilseacha scéal trámach inmheánaithe an scannáin agus an scaradh meicniúil de chodanna ainmhithe le haghaidh bia don duine. Tá an clár fógraí mór le feiceáil i bhfuinneog an ghailearaí. Glacann sé seilbh ar spás i gceantar den chathair atá rósháithithe le brandáil gan dealramh ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann, ag baint úsáide as íomhánna a bhfuil sé mar aidhm acu stádas na muice a ardú go leibhéal iomráiteach.

Tugann an aeistéitic le haghaidh an chláir fógraí, atá bunaithe ar stíl film-noir, le fios na teachtaireachtaí bagracha atá le brath i seanscéal dorcha sícideileach Ní Tague, agus cuireann sé na carachtair i láthair: Muc, an bhé shoineanta, a mbaineann an léiriú a thugtar ar a thuirsí atá sí an bonn ón chódú sleamhain de “ghleoite” agus “gnéasúil” a threisíonn an dúil le forlámhas agus smacht i dtionscal na fógraíochta agus brandála. Meallann sí an lucht féachana isteach i dtír tairngre an scannáin lena hamhrán tarraingteach, í lámhtharraingte agus beoite mar p.i.g (pretty Irish girl) antrapamorfach sa stíl Disney. Is muc mhatánach é Psychopump, gan ach torso gan cheann mar chorp aige. Tagraíonn a ainm do na déithe “psychopompa threoraíonn anamacha caillte chuig an saol eile, ina lán cultúr ársa. I scannán Ní Tague, taistealaíonn an lucht féachana taobh istigh de chorp Psychopump agus trí dhomhan astral istigh a nochtann cinniúint na mílte muc eile mar bheostoc neamhshuntasach ar líne tháirgthe. Níos déanaí sa scannán déantar athbheochan draíochta ar na comhpháirteanna teasctha de roinnt muc agus faigheann siad tuiscint éigin ar a bhféiniúlacht arís mar ispíní athdhéanta. Bíonn an triúr Weaner, Squealer agus Finisher le feiceáil uaireanta le linn an scannáin agus déanann siad tagairt don fhinscéal ‘Na Trí Mhuicín’, iad ainmnithe i ndiaidh céimeanna éagsúla próiseála muc mar bheostoc. Léiríonn scannán Ní Tague ísliú céime na n-ainmhithe mistéireacha seo. Críochnaíonn sé lena ndíghrádú foréigneach agus mídhaonna le haghaidh próiseála bia. Léiríonn an saothar dearcadh ar thírdhreach comhaimseartha na hÉireann a chuimsíonn dianfheirmeoireacht agus a múnlú ar shainaithint chultúrtha trí easpórtálacha talmhaíochta chuig margaí domhanda.

Is í an Phéist carachtar deiridh an scannáin; a thochlaíonn trí phoill phéiste, agus a threoraíonn an lucht féachana trí phointí ama agus áite. Leanann a cuid gluaiseachtaí patrúin coitianta na laitíse agus na snaidhmthe atá le fáil i lámhscríbhinní meánaoiseacha, agus a chaitheann solas ar an siombóis leis an dúlra sa samhlaíocht chomhchoiteann agus le castacht a mbithimicíocht. Mar ionadaí don nathair, arna deoraíocht ó Éirinn ag Naomh Pádraig, is siombail réamh-Chríostaí den athbhreith, den leigheas agus den ghaois í an Phéist, ag teacht ón domhan thíos agus ag coinneáil a rúin agus a ghaois. Tá Ní Tague i ndiaidh nathracha nimhe a úsáid roimhe seo ina saothair dhealbhóireachta maidir le nósanna séasúracha an mhearfhaisin agus éadaí le prionta ainmhithe orthu. Léiritear patrúin timthriallacha an dúlra arís i bhfuaimrian an scannáin, a chuimsíonn poirt dhraíochtúla agus athleaganacha eile de cheol traidisiúnta agus comhaimseartha na hÉireann, iad ar luas éagsúil, ar thuinairde éagsúil, iad sínte agus comhbhrúite, ag éirí corrach, scaipthe, trí chéile. Ceanglaíonn an fuaimrian cnagarnaí ó cheirníní vinile agus fabhtanna ráta giotán le hanálú agus gnúsachtach ainmhíoch chun ábhar orgánach, analógach agus digiteach a thabhairt le chéile ar aon aistear anacrach, éachtach amháin.

Tá fás tagtha ar thionscadal Ní Tague mar thoradh ar a cuid staidéir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD le roinnt blianta anuas. Faigheann sé spreagadh óna cuid taighde leanúnach; taighde a phléann an dóigh a mbreathnaítear ar réada agus ar eispéiris, agus an dóigh a gcaitear agus a shealbhaítear iad mar chuid de chultúr cúraim. Ceanglaíonn a cur chuige ildisciplíneach foinsí ábhar teicstíle, digiteacha agus glasraí, chomh maith le “drochábhar”, le briseadh síos agus díchóimeáil earraí agus na meán. Déantar ábhair a athchóimeáil trí ghníomhartha agus gothaí pearsanta nó easaontacha. Is cuid liriciúil de shaothar fairsing é ‘Claí na Péiste’ a fhaigheann inspioráid ó fhoinsí a bailíodh ar fud na hÉireann agus a chuimsíonn na céadta bliain de bhéaloideas a bhaineann le saol laethúil na talmhaíochta. Déantar iniúchadh ar an mhíréir chognaíoch a bhaineann le cailliúint na máthairtheanga, rud a chruthaíonn cásanna de shárú teanga, mí-aistriúchán, agus racht amhráin. Leanann scéal eipiciúil Ní Tague na comhtharluithe a thiteann amach ar fud na mbailiúchán béaloidis agus an tuiscint oidhreachta ar theagmhálacha osnádúrtha agus ar scéalta faoin aos sí, na daoine sídhe, nó na daoine maithe. Is léiriú iad cleachtas Ní Tague agus cosmeolaíocht spás-ama an taispeántais seo ar an fhrása “fite fuaite” - coincheap na hidirnascthachta, na muintearas agus an chomhcheangail idir pearsantacht, ceardaíocht agus ábharthacht.

I measc na dtaispeántas atá déanta ag Sibéal Ní Tague le tamall anuas tá: The Narrow Gate of Here and Now – Social Fabric, Irish Museum of Modern Art, Baile Átha Cliath, (2021-22); Léiriú de 4Ever Chemical le AEMI, Project Arts Centre, Baile Átha Cliath (taispeántas aonair 2021); The Law is a White Dog, léirithe ag Sarah Browne, TULCA, Galway Arts Centre (2020); SELF SOOTHERS, VISUAL, Ceatharlach (taispeántas aonair 2020); Saplings, Pallas Projects, Baile Átha Cliath (taispeántas aonair 2018); Practice, New Spaces Project, Doire (2018). Tá Three Year Membership Studio ag Sibéal Ní Tague in TBG+S. Coimisiúnaithe ag Temple Bar Gallery + Studios. Árna mhaoiniú ag Arts Council Ireland Project Award (2022).

Buntéacs aistrithe ag Clíodhna Ní Chorráin.